Monday 13 August 2012

Gaelscoil de dhíth ar Nua-Eabhrac!


Cuireadh achainí le chéile ar line ag lorg 20,000 síniú chun Gaelscoil a bhunú i gcathair Nua-Eabhrac.


De réir riarthóir na hachainí seo tá 4,000 duine ag labhairt na Gaeilge i Nua-Eabhrac agus iad i measc 400,000 Gael-Mheiriceánach a bhfuil cónaí orthu i Nua-Eabhrac amháin agus cuid acu siúd i measc an 100,000 duine ag foghlaim na Gaeilge sna Stáit Aontaithe i gcoitinne.
Áirítear san achainí chomh maith go bhfuil níos mó daoine ag foghlaim na Gaeilge sna Stáit Aontaithe Meiriceá ná mar atá ag foghlaim na Gréigise, na Danmhairgise agus na Fionlainnise lena mbaineann 5 milliún cainteoirí dúchais.
Má éiríonn leis an achainí , beidh an Ghaelscoil lonnaithe i gcathair Nua-Eabhrac, rud a chuirfidh jabanna agus deiseanna iontacha ar fáil do phobal náisiúnta agus idirnáisiúnta na Gaeilge. Is féidir an achainí an shíniú tríd an nasc seo.

- Seosamh